I mí Dheireadh Fómhair 2022, reáchtálfaidh Éire a céad Tionól Páistí agus Daoine Óga faoi Chailliúint na Bithéagsúlachta. Bhí páistí agus daoine óga páirteach i leagan amach an Tionóil, agus tabharfar le chéile ann 35 Ball idir 7-17 mbliana d’aois ó gach cearn d’Éirinn a roghnaíodh go randamach chun moltaí a iniúchadh, a phlé agus a dhéanamh maidir le conas an bhithéagsúlacht in Éirinn a chosaint agus a athchóiriú.