Mí Mheán Fómhair seo, táimid ag tabhairt cuireadh do pháistí agus do dhaoine óga idir 0-17 mbliana d’aois a dtuairimí agus a smaointe a roinnt maidir le cailliúint na bithéagsúlachta trí scríobh chugainn nó saothar ealaíne, grianghraif nó gearrthóga scannáin a sheoladh chugainn. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais inár ngearrscannán:
Agus tú ag cur tuairimí isteach chugainn, seans gur mhaith leat machnamh a dhéanamh ar na ceisteanna seo a leanas:
Is féidir leat do chuid tuairimí a roinnt linn trí:
Do chuid tuairimí á uaslódáil
Heileo! Go raibh maith agat as do thuairimí agus smaointe a roinnt linn le haghaidh Thionól Bithéagsúlachta na bPáistí agus na nDaoine Óga in Éirinn.
Anois léigh faoin gcaoi a mbainfimid úsáid as an eolas a thabharfaidh tú dúinn:
- Déanfaidh Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath an t-eolas go léir a bhaileofar sna foirmeacha a stóráil go slán. Ní bheidh fáil ar na sonraí sin ag aon duine seachas na daoine atá páirteach sa Tionól Páistí agus Daoine Óga faoi Chailliúint na Bithéagsúlachta.
- D’fhéadfadh sé go mbainfear úsáid as focail nó íomhánna uait don Tionól Páistí agus Daoine Óga faoi Chailliúint na Bithéagsúlachta agus do thionscadail a bhfuil baint dhíreach acu leis.
- Le cead uaitse, cuirfimid an t-ábhar agus na tuairimí uait féin ar an suíomh gréasáin atá againn ach ní bheidh ag gabháil leo ach do chéad ainm, d’aois agus an contae ina bhfuil cónaí ort. Is féidir leat é a rá linn más mian leat nach mbeidh an t-eolas sin le feiceáil in aice leis an ábhar agus na tuairimí uait.
- Ní ghlacfaimid le hábhar nó tuairimí atá maslach nó míchuí.
- Má tá grianghraif nó gearrthóg físe á seoladh agat, déan cinnte de le do thoil gur tusa an t-aon duine atá le feiceáil nó le cloisteáil iontu. Tá gá leis sin ionas gur féidir linn féachaint chuige go bhfuil na ceadanna cearta againn chun iad a roinnt. Déan cinnte de freisin nach bhfuil na gearrthóga físe níos faide ná nóiméad amháin.
Ar aghaidh linn más ea!
"*" indicates required fields