Ben is ainm dom agus táim ag obair in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, ag múineadh agus ag déanamh taighde faoin inbhuanaitheacht agus faoi chearta páistí. Tá an-mheas agam ar an mbithéagsúlacht iontach atá againn in Éirinn agus ar fud an domhain. Is breá liom a bheith ag obair le múinteoirí agus le daoine óga chun iarracht a dhéanamh dul i ngleic le cuid de na dúshláin atá romhainn, agus tá mé ar bís go mbeimid ag obair le chéile ar an Tionól seo.