Darren Clarke

Maidir le

Darren Clarke

Darren is ainm dom agus is breá liom cabhrú le daoine cuid de na dúshláin chomhshaoil is mó atá romhainn a thuiscint, an t-athrú aeráide agus cailliúint na bithéagsúlachta ina measc. Táim ag obair in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus bíonn na hábhair sin á bplé agam is mé ag múineadh. Is breá liom a bheith amuigh faoin aer agus is minic liom a bheith faoi scáth crainn nó cois farraige le leabhar faoin gcomhshaol i lámh amháin agam agus cupán caife sa lámh eile. Táim ag súil go mór le bheith ag obair libh agus ag roinnt smaointe libh!