Fiach

Maidir le

Fiach

Tá mé i mo chónaí cois farraige i gCorcaigh agus ba mhaith liom a bheith i mo bhitheolaí mara nuair a bheidh mé fásta suas. Tá an-imní orm faoin gcaoi a bhfuil an bhithéagsúlacht ag athrú go tapa in Éirinn agus ar fud an domhain. Ghlac mé páirt in oiliúint a d’eagraigh Seal Rescue Ireland agus anois bím ag cuidiú le mo mháthair uaireanta róin a thabhairt slán. Is breá liom tionscadail a dhéanamh faoin mbithéagsúlacht agus is breá liom an bhitheolaíocht mar ábhar scoile. D’fhreastail mé ar scoil foraoise freisin, áit ar fhoghlaim muid go léir faoi na hainmhithe agus na plandaí coille.