Jesse

Maidir le

Jesse

Trí bliana déag d’aois atá mé agus tá mé sa chéad bhliain ar scoil. Is breá liom ainmhithe, an dúlra agus ealaín. Is é an phiongain an t-ainmhí is fearr liom agus tá imní orm go bhféadfadh an phiongain impireach a bheith díofa laistigh de 30-40 bliain mar gheall ar na hoighearchaidhpeanna a bheith ag leá. Is mise an ball is óige de Chlub Allamuigh Nádúraithe Loch Garman (agus tá mé i bhfad níos óige ná na baill eile). Bhí mé amuigh le Calmast ag éisteacht le ceiliúr éan go moch ar maidin agus le titim na hoíche, ghlac mé páirt i dturas taiscéalaíochta cladaigh leis an dream céanna, agus d’fhreastail mé ar cheardlanna faoi fhéileacáin, beacha agus staidéar allamuigh le Bithéagsúlacht Éireann. Bhí mé ar shiúlóidí ag faire ar na hialtóga le Bat Conservation Ireland freisin. Déanaim taifead freisin ar rudaí a fheicim don Ionad le Sonraí Bithéagsúlachta agus glacaim páirt in Bioblitz.