Jimmy O’Keeffe

Maidir le

Jimmy O’Keeffe

Jimmy is ainm dom agus bím ag obair chun teacht ar thuiscint ar an gcaoi a mbíonn daoine ag idirghníomhú leis an timpeallacht nádúrtha. Sa chuid is mó den taighde atá déanta agam, bhí mé ag féachaint ar bhainistiú ár n-acmhainní nádúrtha, uisce, an dúlra, agus an bhithéagsúlacht san áireamh. Tá sé sin fíorthábhachtach anois agus an t-athrú aeráide ag bagairt orainn, an daonra ag dul i méid agus tionchar á imirt ar an gcomhshaol, ós rud é gur rudaí iad sin go léir ar féidir leo cur le cailliúint na bithéagsúlachta. Agus mé i mbun taighde, thug mé cuairt ar a lán áiteanna ar fud an domhain, Oirdheisceart na hÁise agus an Ríocht Aontaithe ina measc, agus ar ndóigh bím ag obair anseo in Éirinn, áit a bhfuil an-áthas orm a bheith i mo bhall d’fhoireann a chuireann oiliúint ar mhic léinn chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán atá romhainn ó thaobh na haeráide agus inbhuanaitheacht comhshaoil de.

Is féidir teagmháil a dhéanamh liom ag: jimmy.okeeffe@dcu.ie