Katie Reid

Maidir le

Katie Reid

Katie is ainm dom agus bím ag obair chun tacaíocht a thabhairt don rannpháirtíocht a bhíonn ag páistí agus daoine óga i gcinntí atá á ndéanamh faoin gcomhshaol, faoi chailliúint na bithéagsúlachta agus faoin athrú aeráide. Tá baint agam leis an tionscadal seo ós rud é go raibh mé i gceannas le déanaí ar phróiseas dá leithéid in Albain (an áit arb as dom) i gcomhair Thionól Aeráide na hAlban – an chéad tionól náisiúnta saoránach a raibh baint dhíreach ag daoine faoi 16 bliana d’aois leis. Táim ag súil go mór le bheith ag obair le foireann iontach páistí, daoine óga agus daoine fásta chun an Tionól seo a chur ar bun in Éirinn!

Is féidir teagmháil a dhéanamh liom ag: k.reid@tdh.de