Marlie

Maidir le

Marlie

Dhá bhliain déag d’aois atá mé agus tá cónaí orm faoin tuath i gContae na Gaillimhe. Is breá liom ainmhithe agus an fiadhúlra agus is breá liom a bheith á dtarraingt. Tá dhá chat agam darb ainm Blue agus Dimitry. Tá an-suim agam sa bhithéagsúlacht agus san athrú aeráide agus tá súil agam go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí amach anseo. Níl againn ach aon phláinéad amháin agus mar sin caithfimid aire a thabhairt dó. Is gníomhaí ar son na haeráide mé agus is maith liom dul chuig mórshiúlta a eagraíonn Fridays for Future.