Rowan Oberman

Maidir le

Rowan Oberman

Rowan is ainm dom agus táim ag obair in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Bím ag múineadh anseo agus bím i mbun taighde faoin oideachas a bhaineann leis an athrú aeráide, cearta leanaí agus pictiúrleabhair. Táim ag déanamh taighde faoi láthair ar na bealaí is fearr chun pictiúrleabhair a úsáid chun múineadh faoin athrú aeráide. Is maith liom a bheith ag obair le daoine eile, go háirithe ar thionscadail chruthaitheacha. Tá an-áthas orm baint a bheith agam leis an Tionól Páistí agus Daoine Óga.