Valery Molay

Maidir le

Valery Molay

Valery is ainm dom agus baineann mo chuid oibre le spásanna a chruthú do pháistí agus do dhaoine óga ionas gur féidir leo teacht ar thuiscint níos fearr ar an gcumhacht atá acu féin agus ar na córais éagsúla ar a mbíonn an tsochaí bunaithe, agus súil agam go mbeidh ról gníomhach acu ag dul i bhfeidhm ar an saol atá amach rompu. Tá spásanna dá leithéid seo cruthaithe agam féin agus daoine eile do pháistí agus do dhaoine óga in Éirinn chun a dtuairimí a chur in iúl ar chúrsaí aeráide agus ceartais dhomhanda agus tá súil agam go dtacóidh samhail an tionóil saoránach a úsáidtear sa tionscadal seo le rannpháirtíocht an aosa óig sa chinnteoireacht. Táim ag tnúth le bheith ag obair le foireann chumasach páistí, daoine óga agus daoine fásta ionas go mbainfear an-tairbhe agus an-taitneamh as an Tionól faoi Chailliúint na Bithéagsúlachta.

Is féidir teagmháil a dhéanamh liom ag: valery.molayita@dcu.ie