Síofra

Maidir le

Síofra

Is breá liom a bheith amuigh faoin aer agus a bheith ag surfáil agus is breá liom gach spórt uisce, spóirt foirne, an eolaíocht, an dúlra, teicneolaíocht agus códú. Déanaim obair dheonach le Cumann Bhailte Slachtmhara Dheilgne agus téim ar stailc i mo cheantar féin ar mhaithe leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide agus na bithéagsúlachta. Tá roinnt tionscadal déanta agam chun an caighdeán uisce atá ag teastáil le haghaidh saol folláin a thomhas agus a chosaint. Bhuaigh mé Gradam Foriomlán Intel Mini-Scientist 2022 as ucht mo thionscadail bithéagsúlachta ‘Feithidí sna hAibhneacha / Insects in the Rivers’, staidéar ar na hinveirteabraigh éagsúla sna haibhneacha agus sna srutháin i mo cheantar féin.