Foireann an Tionscadail

Chun féachaint chuige go bhfuil an Tionól Páistí agus Daoine Óga á leagan amach agus á reáchtáil ar bhealach a oireann do pháistí agus do dhaoine óga, tá an tionscadal á dhearadh ag foireann ó ghlúnta éagsúla: Foireann Comhairleoirí Óga agus cuibhreannas taighde neamhspleách.

Naonúr páistí agus daoine óga ó gach cearn d’Éirinn, agus iad idir 8-16 bliana d’aois, atá ar an bhFoireann Comhairleoirí Óga. Sa chuibhreannas taighde tá saineolaithe ar rannpháirtíocht páistí, daonlathas ar bhonn plé, agus bithéagsúlacht ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus terre des hommes, eagraíocht idirnáisiúnta a bhíonn ag díriú ar na cearta atá ag páistí ó thaobh an chomhshaoil de.

Ar dtús, seo seans duit aithne a chur ar an bhFoireann Comhairleoirí Óga!

Bíonn na Comhairleoirí Óga ag plé leis an obair seo a leanas:

• Próiseas an Tionóil a dhearadh, agus smaoineamh ar conas tuairimí agus smaointe páistí agus daoine óga a bhailiú.

Gníomhaíochtaí agus ábhair a ullmhú do pháistí agus do dhaoine óga i bpróiseas an Tionóil.

A bheith páirteach san fhoireann páistí, daoine óga agus daoine fásta a éascóidh gníomhaíochtaí an Tionóil do na páistí agus na daoine óga a bheidh ag freastal air.

Beartú cén chaoi a n-inseoimid scéal an Tionóil ar na meáin shóisialta agus sa nuacht.

Tá na Comhairleoirí Óga ag obair in éineacht le taighdeoirí ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus terre des hommes, eagraíocht a bhíonn ag plé leis na saincheisteanna a bhaineann leis na cearta atá ag páistí ó thaobh an chomhshaoil de.