Maidir leis an Tionól

Is éard atá i gceist leis an mbithéagsúlacht ná na cineálacha éagsúla ainmhithe, plandaí agus miocrorgánach a chónaíonn ar an Domhan. Tá an bhithéagsúlacht thar a bheith tábhachtach freisin lena chinntiú go mbeidh na rudaí a theastaíonn uathu ag daoine ionas gur féidir leo maireachtáil agus fás, rudaí cosúil le bia, aer agus uisce glan, cógais agus ábhar le haghaidh dídine. Ach is iomaí áit ar domhan, agus Éire ina measc, ina bhfuil gnáthóga nádúrtha, timpeallachtaí agus an fiadhúlra á gcailliúint go tréan.

In Éirinn, tá tionól saoránach do dhaoine fásta ar siúl chun féachaint conas is fearr is féidir bithéagsúlacht na hÉireann a chosaint. Tá 99 duine fásta a roghnaíodh go randamach (18 mbliana d’aois agus os a chionn) ag teacht le chéile i rith na bliana seo chun foghlaim faoi chailliúint na bithéagsúlachta in Éirinn agus chun féachaint cé na réitigh is féidir a chur i bhfeidhm.

Ach tá sé de cheart ag páistí agus daoine óga labhairt amach freisin. Tá go leor páistí agus daoine óga in Éirinn ag iarraidh cheana féin go ndéanfar rud éigin go práinneach chun an comhshaol agus an dúlra a chosaint.

Ó 1992 i leith, tá a lán á dhéanamh ag Éirinn chun cur leis an gcosaint atá ag cearta páistí agus na cearta sin a chur chun cinn. Bíonn tionchar ag cailliúint na bithéagsúlachta ar an gceart atá ag páistí fás aníos i dtimpeallachtaí atá slán sábháilte, glan, agus mar sin tá sé an-tábhachtach páistí agus daoine óga a bheith páirteach sna cinntí atá á ndéanamh.

Chun féachaint chuige go bhfuil an Tionól Páistí agus Daoine Óga á leagan amach agus á reáchtáil ar bhealach a oireann do pháistí agus do dhaoine óga, tá an tionscadal á dhearadh ag foireann ó ghlúnta éagsúla: Foireann Comhairleoirí Óga agus cuibhreannas taighde neamhspleách. Naonúr páistí agus daoine óga ó gach cearn d’Éirinn, agus iad idir 8-16 bliana d’aois, atá ar an bhFoireann Comhairleoirí Óga. Sa chuibhreannas taighde tá saineolaithe ar rannpháirtíocht páistí, daonlathas ar bhonn plé, agus bithéagsúlacht ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus terre des hommes, eagraíocht idirnáisiúnta a bhíonn ag díriú ar na cearta atá ag páistí ó thaobh an chomhshaoil de.