Anabel

Maidir le

Anabel

Anabel is ainm dom. Tá mé i mo chónaí i mBaile Átha Cliath, Éire. Tá an-spéis go deo agam sa bhithéagsúlacht, san inbhuanaitheacht agus i gcúrsaí aeráide. Chomh maith leis sin, is breá liom a bheith ag imirt haca, ag déanamh drámaíochta agus ag seinm ceoil. Rinne mé ionadaíocht le déanaí do ECO UNESCO ag an gComhdháil Náisiúnta Bhithéagsúlachta. Labhair mé ar an bpainéal Voices for Nature. Agus mé i m’ionadaí do chomhairle na scoláirí i mo scoil féin, bhí mé i mo bhall den choiste inbhuanaitheachta. Ghlac mé páirt freisin i gcúrsa gníomhaíochais le UNICEF a thug spreagadh dom chun tacú le saincheisteanna a mbraithim go láidir fúthu, ar nós na bithéagsúlachta.