Amhairghin

Maidir le

Amhairghin

Is ball mise de Chomhairle na Scoláirí i mo scoil féin agus sheas mé riamh le cúis na bithéagsúlachta agus leis an athrú aeráide. Tugaim an-aird ar shaincheisteanna comhshaoil ar fud oileán na hÉireann agus bhí mé i láthair nuair a seoladh líonra uile-oileáin nua, Líonra na hÉireann um an gCeartas Comhshaoil (Environmental Justice Network Ireland nó EJNI). Chuir mé mo chuid scileanna físeagarthóireachta ag obair ar bhonn deonach chun gearrfhíseán a léiriú do EJNI faoin mbithéagsúlacht agus an coimín. D’fhreastail mé ar agóidí Fridays for Futures agus rinne mé agallaimh ar stáisiúin teilifíse áitiúla chun an scéal a scaipeadh faoi cheartas idirghlúine. Bainim an-leas as páirceanna poiblí agus as limistéir shárchaomhnaithe agus limistéir ina bhfuil fiadhúlra, cosúil le Foraois Pháirc Bíobhair agus bruacha lochanna. Is breá liom a bheith ag campáil le mo theaghlach ar an gCósta Thiar, go háirithe thart ar an Mullach Mór, Sligeach agus Ros Neamhlach.