Niamh

Maidir le

Niamh

Is ball mé den ISSN (Gréasán Inbhuanaitheachta Scoileanna na hÉireann), líonra náisiúnta a dhíríonn aird sna scoileanna ar an oideachas faoin aeráid agus ar an ngníomhaíocht ar son na haraide. Ghlac cúig scoil ar fud na tíre páirt le chéile i ngníomhaíocht a d’eagraigh an líonra sin chun cabhrú leis an athrú aeráide a mhoilliú. Chuireamar feachtas darb ainm Plant A Planet ar bun.

Táimse i mbun nuachtlitir chomhshaoil i mo scoil féin agus cabhraím leis an gcaifitéire sa scoil aistriú ó sceanra plaisteach aonúsáide a úsáid go sceanra adhmaid atá in-athchúrsáilte agus in-bhithmhillte. Is trí bheith ag obair as lámha a chéile a bheimid teacht ar réiteach ar an ngéarchéim aeráide. Sin an fáth a mbím ag obair chun naisc a chothú idir an líonra scoileanna agus eagraíochtaí áitiúla, ar nós Bailte Slachtmhara Thrá Mhór, Grúpa Comhshaoil Thrá Mhór agus Chathair Phort Láirge agus na Comhairleoirí áitiúla a dhéanann ionadaíocht thar ceann Thrá Mhór.